Míchumas Foghlama Ginearálta Éadrom

C. Cad is míchumas foghlama ginearálta éadrom ann?

F. Déanann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte míchumais fhoghlama ghinearálta a aicmiú mar mhíchumas éadrom, measartha, trom agus domhain. Cuirtear sainmhínithe leibhéal na míchumas in iúl mar Shainuimhir Intleachta (SI), inniúlacht iompair agus/nó riachtanas seirbhíse speisialta de ghnáth. Bíonn scorálacha SI briathartha agus feidhmíochta idir 50 – 70 ag páistí a bhfuil míchumais fhoghlama ghinearálta éadrom orthu, is é sin, idir dhá agus trí imeacht chaighdeánacha faoi bhun meán an phobail. Is minic teorannú suntasach a bheith orthu maidir le feidhmiú intleachtúil chomh maith le hiompar oiriúnaitheach mar a chuirtear in iúl é i scileanna oiriúnaitheacha praiticiúla, sóisialta agus coincheapa.  Is minic a bhíonn easnaimh chognaíocha ar leith i réimsí ar nós meabhair, airde nó teanga ag an páiste.

C. Cad iad cuid de shaintréithe míchumais fhoghlama ghinearálta éadroim?

F. Go mion minic bíonn deacrachtaí ag páistí a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadrom orthu plé le hábhar acadúil. De bhreis air sin is minic a bhíonn fadhbanna ag daltaí dá leithéid maidir le hiompar sóisialta agus is deacair leo obair oiriúnach a aimsiú nuair a bhíonn an t-oideachas foirmiúil críochnaithe acu. Is minic a thaispeánann daoine a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadrom orthu ceann amháin nó níos mó de na tréithe seo a leanas:

•    Bíonn moill ar fhorbairt coincheapúil
•    Is deacair leo teibiú agus ginearálú
•    Fadhbanna leis an gcuimhne
•    Forbairt mhall urlabhra agus teanga
•    Scileanna sóisialta teoranta
•    Iompar pearsanta míchuí nó mí-aibí  
•    Achar airde teoranta agus cumas coinneála teoranta  
•    Easpa spreagtha
•    Féinchoincheap neamhfhorbartha
•    Féinmheas íseal
•    Bíonn siad go maith ciotarúnta
•    Easpa comhordúcháin agus scileanna oll-luaileacha agus mínluaileacha
•    Mothúcháin shuaite
•    D’fhéadfadh gráid éagsúla lagéisteachta nó radharc súl lagaithe a bheith ar chuid bheag díobh, chomh maith.

C. Cad is féidir a dhéanamh chun cabhrú le duine a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadrom air?

F. Má tá moill ar fhorbairt agus ar fhoghlaim páiste ní mór é a aithint a luaithe agus is féidir. Ní féidir cúnamh agus tacaíocht a thabhairt don bpáiste agus don teaghlach go dtí go dtuigtear go bhfuil fadhb ann. Nuair a bheidh measúnú déanta ar an duine féadfaidh síceolaí comhairle a thabhairt maidir leis an timpeallacht is fearr a fhreastalaíonn ar riachtanais an pháiste. Féadfaidh foireann ina bhfuil síceolaí, múinteoir, tuismitheoirí agus soláthraí seirbhíse ar bith atá bainteach Plean Oideachais Sainoiriúnaithe a fhorbairt chun freastal ar riachtanais an dalta. Ar an gcuma seo cinneofar go ndéanfar deacrachtaí a aithint go tráthúil agus go nglacfar bearta feabhais cuí i dtreo go mbeidh ar chumas an dalta a acmhainn iomlán a fhorbairt. Is cuid fhíor-thábhachtach den ullmhú le haghaidh saol an duine fhásta é cláir ina leagtar béim ar scileanna réamh-ghairme agus ar scileanna beatha a thairiscint do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama éadrom orthu. Ina theannta sin ba chóir béim a chur ar ghníomhaíochtaí eile a chuireann forbairt shóisialta agus forbairt phearsanta chun cinn, gníomhaíochtaí ar nós  corpoideachas, spórt agus fóillíocht, ealaín agus ceirdeanna. Tá caidrimh sheasmhacha agus tacaíocht ó dhaoine fásta éagsúla ag teastáil ó dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama
éadrom orthu chomh maith le imeascadh leis an bpobal.