BARR AN RANGAPreas Ráiteas ...............Preas Ráiteas.................Preas Ráiteas..................Preas Ráiteas.............
TG4 Gach Domhnach ag 9:30i.n. ó 21ú Márta 2010
Don chéad uair riamh bhí cead ag ceamaraí dul isteach chuig Gaelscoileanna ó thus deireadh na bliana acadúla le saol na ndaltaí agus na múinteoirí a leanstan.
Roghnaíodh trí scoil a bhí an-eagsúil óna cheile:
Scoil fhadbhunaithe agus scoth scoile le beim ar léith ar an taobh acadúla de is í Coláiste Choilm i mBaile an Chollaig ar imeall Chorcai agus í ceangailte lena chomhscoil Bhéarla a bhfuil míle dálta inti.
I mBéal Feirste tá scoil dara léibhéal agus is gaiste fás in Éirinn ann agus í fiche bliain d’aois. Thosaigh Colaiste Feirste le naoi ndálta in ionad áitiúil Gaeilge, An Chultúrlann, ar Bhóthar na bhFál ach d’éirigh sí ró-mhór don áit. Ach le treoir ó ghluaiseacht radacach na Gaeilge mhair sí go dtí inniú agus tá 550 dalta agus 50 múinteoir ann agus í suite go bróduil ag amharc anuas ar an chathair.
Ceann de na scoileanna Gaeilge is úire is í Coláiste Chineál Eoghain i mBun Crannacha in iar-thuairsceart Dhún na nGall. Níl aici ach trí dhalta is fiche gan ionad buan aici agus í faoi bhrú le fás nó a maoiniú a chailleadh ón Roinn Oideachais agus bheadh uirthi druidim.
Cé acu bhí siad ag streachailt le haitheantas a fháil i gcathair Bhéal Feirste nó bheith teolaí faoi scath scoil fhadbhunaithe Bhéarla i gCorcaighI nó ag iarraidh bheith beo i dTír Chónaill is ionann na mothúcháin i measc na ndaltaí agus na múinteoirí bíodh dul chun cinn nó teip i gceist. Ó Mhéan Fómhair 2008 go Meitheamh 2009 roinn cuid de na daoine atá lárnach sa scéal a saol le “Barr an Ranga”.
Tá cúig chlár sa tsraith agus iad maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus TG4. Is comhléiriú é idir Tobar Productions agus Independent Pictures.
Le tuilleadh eolais dean teagmháil le:
Pilib Mac Cathmhaoil 0044 7961 577841, philip@tobarproductions.com
nó
Liam Ó Maolfhábhail 00 353 868141442, liaml@agtel.ie
Féach ar an gclár.
1 agus
2Switch to
English version