An Trídhathach agus an Chríochdheighilt 1946 | Adoption of the Tricolour

An Trídhathach agus an Chríochdheighilt

Is é Bratach an Aontais nó an "union Jack", bratach "oifigiúil" Thuaisceart Éireann, agus is é an siombail is mó a chuireann aontachtaithe ar taispeáint, is é trídhathach an siombal a chrochann náisiúnaithe in airde.   Cé gur dearadh an trídhathach a chéaduair mar shiombal de shíocháin idir Caitlicigh agus Protastúnaigh agus de theacht le chéile an dá dhream i ndílseacht d'Éirinn, is léir go ngéaraíonn sé ar an teannas idir an dá ghrúpa nuair is do bhratach an Aontais a thugann an dream eile a dtacaíocht (e.g., Morris, 2005).

Nuair a chuimhníonn roinnt mhaith náisiúnaithe ar bhratach an Aontais mar shampla, samhlaítear dóibh forlámhas agus cos ar bolg na Breataine.  Tugann roinnt aontachtaithe bratach reibiliúnach ar thrídhathach na hÉireann agus ba mhinic iarrachtaí déanta cosc a chur ar í a thaispeáint. Braitheann an dá ghrúpa gur ag tathant orthu atá an grúpa eile nuair a chuireann siad a siombailí ar taispeáint, siombailí ar táscairí léir iad de dhílseacht nó de mhídhílseacht agus a thugann le fios gur ball de shainghrúpa áirithe an té a chuireann ar taispeáint iad. 

David A. Butz, National Symbols as Agents of Psychological and Social Change, Political Psychology, Vol. 30, No. 5 (D.Fómhair 2009), l.. 779-804


Ba mhinic an trídhathach ina ábhar conspóide pholaitiúil, conspóidí a bhain don chuid is mó le ceist na críochdheighilte in Éirinn. Ag caint dó i nGlaschú i 1946 chuir Tomás Ó Maoláin ó Fhianna Fáil i gcuimhne dá lucht éisteachta go raibh an bhratach náisiúnta "a scaoileadh ós cionn Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath Luan Cásca 1916 agus atá ar foluain anois  sa trí cheathrú cuid den chríocha náisiúnta, ina siombal den stát is daonlathaí san Eoraip,"

(Scéala Éireann, 22 Aibreán 1946, l.5).

 


I dTuaisceart Éireann, ghlac an pobal náisiúnach an bhratach chucu mar chomhartha dá bhféiniúlacht pholaitiúil.  Nuair a bhí an bhratach á hiompar ag grúpa poblachtánach i 1946, ghearán siad gur tógadh uathu an bhratach agus nár tugadh de leithscéal dóibh ach go bhféadfaí féachaint ar iompar na brataí náisiúnta mar ghníomh gríosaithe". Tar éis do Chonstáblacht ‏Ríoga Uladh séirse lena mbataí a thabhairt faoin slua, tuairiscíodh gur fágadh an Feisire Harry Diamaond le guailleán ar a láimh, agus seisear dóibh siúd a bhí ar an ardán leis gearrtha agus plástair agus bindealáin orthu dá dheasca. De thoradh ar a tharla, bheartaíodar gan an trídhathach a iompar ag aon mhórshiúl toghchánaíochta arís agus gan é a chur ar foluain ach amháin ag cruinnithe a thionólfaí laistigh. 

(Scéala Éireann, 14 Lúnasa 1946, l.9)



Nuair a d'iarr an T.D. Oliver Flanagan ó Fhine Gael ar de Valera gearán a dhéanamh le húdaráis Thuaisceart Éireann as an trídhathach a bheith bainte de chónra le láimh láidir le linn sochraide, nior thug de Valera de fhreagra uaidh ach nár shíl sé go mbeadh aon toradh fónta ar gheáitsí baotha dá leithéid

(Scéala Éireann 23 Bealtaine 1946 l.2)

 


I 1950 le linn aighnis i bParlaimint Stormont léirodh siombalachas an trídhathaigh mar bhratach de chuid an mhionlaigh. Nuair a tháinig Méara Nua Eabhrac ar cuairt bhí dhá bhratainn den trídhathach ar foluain ar a charr. Dúirt na póilíní i mBéal Feirste go raibh sé mídhleathach an trídhathach a chur ar foluain agus bhain sé anuas iad. Ghearán Feisire náisiúnach i Stormont gur mhór an náire é a leithéid de tharcaisne a bheith tugtha do "bhratach náisiún na hÉireann". Nuair a thagair sé dó mar "bratach ár náisiúin", thángthas trasna air le gártha "Cén náisiún?".

(The Irish Times, 5 Iúil 1950, l.3)


Rith Parlaimint Stormont reachtaíocht i 1954 a thug cumhachtaí do na póilíní foluain bhratach an Aontais a chosaint, agus a thug cead dóibh trídhathach na hÉireann a bhaint anuas má bhíodar den tuairim go bhféadfadh briseadh síochána a éirí as. 

(Henry Patterson, Ireland Since 1939 (Oxford, 2002) l. 121-5)

 


Dhírigh an méadú ar líon na n-eachtraí achrannacha ar na sráideanna de bharr an trídhathach a bheith ar foluain idir 1966 agus 1971 aird arís ar an teannas idir an dá phobal sa Tuaisceart.  I 1966 chaith beirt chailín sna déaga suaitheantais trídhathacha le linn paráid a bhí eagraithe ag an Urramach Ian Paisley.  Cúisíodh iad sa chúirt as iompar gríosaitheach.  Dúirt cigire de chuid na póilíní gur bhreall é an trídhathach a bheith ar taispeáint ina leithéid d'áit.

(Scéala Éireann, 3 Meitheamh 1966, l).


scéalta gaolmhara