The Irish Press, 26, 27 Márta 1948, p7
Is tuairisc i leith báis duine éigin a fhoilsítear sna nuachtáin é an scéala báis, agus is iondúil go dtugtar beathaisnéis ghairid leis i dtaobh an té nach maireann.
D’fhoilsigh An Irish Times, An Cork Examiner agus Scéala Éireann scéala báis nuair a fuair an Súilleavánach bás. Ba ghearrcheann é an scéala báis san Cork Examiner, agus áirítear é thíos leis seo.
Is téagartha iad na scéala báis eile, agus tugtar anailís stairiúil níos fairsinge iontu.

The Irish Press, 26, 27 Márta 1948, p7
“Áirítear leis an gcomhad ábhar a bhaineann le fáil pinsin do sheirbhís mhíleata aige i ndáil lena fhiannas idir 1 Aibreán 1916 agus 30 Meán Fómhair 1923 trí Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse, Tréimhse an tSosa Chogaidh agus an Cogadh Cathartha.
Thug an t-éilitheoir fiannas mar bhall foirne Sheáin Mhic Dhiarmada, eagraí d’Óglaigh na hÉireann i gCeatharlach agus Corcaigh agus Ard-Aidiúnach le hÓglaigh na hÉireann, leis an IRA agus leis an Arm.
D’éirigh sé as na Fórsaí Cosanta an 20 Márta 1924. Is sa chomhad a fhaightear ráitis sínithe maidir le fiannas an éilitheora ó Phádraigh Ó Caoimh, Colm Ó Murchadha, Mortimer O’Connell, agus ó Dhiarmuid Ó hÉigceartuigh.
Is sa chomhad freisin a fhaightear eolas i ndáil lena bhean chéile (an dara ceann aige), lena iníonacha, lena mhac, agus lena dheartháir, agus déantar tagairt ann dá phost mar ionadaí tofa, mar Rúnaí do Bhord Measúnóirí faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1924, mar Abhcóide Dlí, mar Ard-Abhcóide is Breitheamh do na Fórsaí Cosanta agus mar Choimisinéir Speisialta Cháin Ioncaim.
Tugtar faoi deara sa chomhad freisin cúig sheoladh breise arna soláthar ag an té faoi ábhar.
Phós Gearóid Ó Súilleaváin Maude (Elizabeth) Kiernan, deirfiúr le Kitty Kiernan agus iníon le Peter agus Bridget Kiernan, Óstán an Greville Arms, Gránard, Contae Longfoirt sa bhliain 1922. Phós Mary Brennan, Béal Feirste tar éis bhás a chéad bhean chéile”
(Gearóid Ó Súilleaváin, Bord na bPinsean Míleata, SP 1369, réamhrá don chomhad)
Léigh an dá scéala báis ón Irish Times, agus ó Scéala Éireann, agus freagair na ceisteanna seo a leanas ansion.
Chun cúnamh le d’iniúchadh de na cáipéisí, breac lipéad sa cholún ar thaobh na láimhe deise ina gcuirtear síos ar an eolas i ngach aon alt.
Ligfidh sé sin duit gach aon scéala báis a anailísiú, agus féachaint amach ansin i gcomhair éagsúlachtaí nó cosúlachtaí sa chaoi ina léirítear beatha an tSúilleavánaigh eatarthu.
Freagair na ceisteanna seo a leanas tar éis duit do chéad léamh den dá scéala báis a chríochnú.