Meagher, 1848 go 1867, san Astráil agus i Meiriceá 1848 to 1867 | Origins of the Flag

Seoladh Meagher go dtí an Tasmáin ar deoraíocht mar gheall ar an ról a bhí aige san éirí amach in 1848 tar éis trialach i gCluain Meala. I ndiaidh dhá bhliain, d’éalaigh sé óna ghéibheann oifigiúil agus chuaigh sé go Meiriceá.

Ba ansin, a throid sé mar Briogáidire-Ghinearál d’Arm Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn Chogadh Cathartha Mheiriceá in aonad ar a tugadh an Bhriogáid Éireannach. I ndiaidh chogadh cathartha Mheiriceá, rinneadh gobharnóir gníomhach ar Montana de. Fuair sé bás faoi chúinsí amhrasacha, ag 44 bliana d’aois.

Scríobh Meagher réamhrá in eagrán Meiriceánach dá óráidí in 1852.

Ní raibh ach ceithre bliana le himeacht roimh éirí amach 1848 agus thuig sé … tuin radacach a óráidí, “spreagtha ag muintir i sprid na réabhlóide, tá blas aisteach le sonrú nuair atá deireadh leis an gcurfá, a chuir fáilte roimh an gcomhrac – agus nuair atá an tine ar an altóir múchta.”

Tar éis chliseadh na réabhlóide, de réir mar a bhí sé ag iarraidh “achrainn sheicteacha a choisc”, bhí Meagher ag súil go leanfadh “an daonlathas óg Éireannach” lena troid “taobh istigh de na geataí, ag na aibhneacha, i measc na fothrach, i measc na sléibhte, na seantalún” in aghaidh “córas cam polaitíochta”.

Theastaigh uaidh go rachfadh a chuid óráidí i bhfeidhm ar an intinn a bhí i gcarcair, agus í a athshocrú.
Rachfadh an t-idéalachas seo i bhfeidhm ar dhaoine a raibh tionchar acu le linn na troda ar son neamhspleáchais idir 1916 agus 1922.

T. F. Meagher, Óráidí ar neamhspleáchas reachtaíocht na hÉireann. Nótaí tosaigh le Thomas Francis Meagher san áireamh. (Nua-Eabhrac: Redfield, 1853, lgh xii-xiv)


  1. Cén fáth a raibh cuma chomh aisteach sin ar thuin radacach a chuid óráidí roimh 1848 in 1852?
  2. Cén t-athrú a raibh Meagher ag súil leis in Éirinn taobh istigh d’achar gearr?

T. F. Meagher, Óráidí ar neamhspleáchas reachtaíocht na hÉireann. Nótaí tosaigh le Thomas Francis Meagher san áireamh. (Nua-Eabhrac: Redfield, 1853, lgh xii-xiv)

 

 


Related Stories