Litir: Sean O’Casey go G. A. Hayes-McCoy 1954 | Adoption of the Tricolour

In 1954, chuir G. A. Hayes-McCoy, ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, ceist ar Sheán O’Casey más féidir leis cúnamh a thabhairt dó i mbratach a aithint ag léiriú an dearadh céachta agus réaltaí a bhí ar foluain thar an tOstán Imperial i mBaile Átha Cliath le linn eirí amach na cásca 1916. Bhí Ó’Casey ina bhall d’Arm Cathartha na hÉireann..

 

 

Cuimsíonn an méid seo a leanas roinnt sleachta ón litir.


A – G. A. Hayes-McCoy, a chara

Níl an bhratach léirithe sa Ghriangraf bhunbhratach Arm Cathartha na hÉireann; ní an ceann a bhí ar eolas agam agus a láimhseáil mé. Ach, ar an lámh eile, níl aon amhras orm go bhfuil an Bhratach ina fíorcheann; … gur thóg an Seoltóir síos é, nó phioc sé suas é, nuair a bhí sé ina Oifigeach Briotanach, ón bhfoirgneamh a bhí trí thine, choinnigh sé slán é, agus anois d’fhill sé é go cineálta agus go flaithiúil go hÉirinn. Tá súil agam go gcuirfidh tú in iúl dó cé chomh buíoch is atá tú (agus mé féin) as Siombal de chath na hÉireann do shaoirse polaitiúil chomh dílis in 1916.”

Bhí aithne agam, ar ndóigh, ar an bhfear a d’iompair an bhratach. Bhí sé ar dhuine amháin as triúir deartháireacha dárbh ainm Espell, Tá[im] beagnach cinnte; triúir leaideanna iontacha, sé troithe is a trí nó níos mó; ach … bhí sé deacair dó an bhratach a iompair nuair a bhí an ghaoth ag séideadh go measartha, agus conas a d’iompair sé ar chor ar bith, níl a fhios agam, lena láimh amháin, gan aon chúnamh eile … chuir mé ina luí ar an gCoiste Airm [Cathartha] costas úim a cheadú, strapáilte thar an dá ghualainn, agus an soicéad a bheith i lár choirp … feiceann tú mar sin bhí go leor le déanamh agam leis an mbratach.
Is é mo thuairim ná (mar is cuimhin liom, nó tá cuma ar an scéal gur chuimhin liom) cé chomh meallta is a bhí an chuid is mó de Fir A(irm) C(athartha) nach raibh an dath (sic) glas in áit gorm; glas a bheith ar an aon dath a bheith aitheanta do shean-Éire bhocht – gur tháinig an gné glas den bhratach as an smaoineamh fo-chomhfhios gur cheart gach bratach Éireannach a bheith glas.
Bhí ceangal agus ómós maoithneach ar fad dár “glas neamhbhádmhar féin” ag amharc ar a ardú den bhratach ghlas leis an gcláirseach – bratach álainn dála an scéil – thar Halla na Saoirse.

Bhuel, tá an t-eolas ar fad agat anois ar féidir liom a thabhairt duit; agus níl aon rud le rá ach … go bhfuil an bhratach ina fíorbhratach a bheith mar bhratach an A.C. a chuaigh amach le troid, agus mar sin ba cheart dí a bheith muirneach, agus coinnithe go sábháilte do léiriú do na glúnta atá fós le teacht.

Le gach dea-ghuí,
Is mise, le meas,

Sean O’Casey


I do thuairim

  1. Cad é tuairim O’Casey faoin oifigeach Briotanach a thug an bhratach d’Ard-Mhúsaem na hÉireann?
  2. Insíonn O’Casey le Hayes-McCoy faoi na fir a d’iompraigh an bhratach. Cén fáth a dtugann sé an t-eolas seo, i do thuairim?
  3. Ní raibh an dath glas i mbratach Arm Cathartha na hÉireann. Cén fáth a raibh díomá ar roinnt  fhir an Airm Cathartha faoin gcinneadh seo?
  4. Bhí James Connolly ar dhuine de na ceannairí in san éirí amach 1916. Cad é a thuairim ar an mbratach ghlas leis an gcláirseach, de réir O’Casey?
  5. Críochnaíonn O’Casey a litir ag rá “gur ceart don bhratach a bheith muirneach”. Cén fáth a scríobhann sé an ráiteas seo, i do thuairim.
  6. “Bhuel, tá an t-eolas ar fad agat anois ar féidir liom a thabhairt duit”: Cuireadh i gcoinne thuairimí O’Casey mar a chuirtear in iúl sa litir nárbh í seo an bhunbhratach Airm Cathartha in alt in History Ireland in 2015.

leathanaigh ghréasáin