Tugtha cothrom le dáta 8 Aibreán 2014
Is tábhachtach na Téarmaí agus na Coinníollacha seo a léamh go cúramach. Is féidir linn na Téarmaí agus na Coinníollacha seo a thabhairt cothrom le dáta ó am go chéile gan fógra a chur chugat. Cuirfimid athruithe ar bith ar na Téarmaí agus Coinníollacha ar an leathanach seo agus ar bharr an leathanaigh léireoimid na dátaí deireanacha ar a ndearnadh na Téarmaí agus na Coinníollacha sin a athbhreithniú fosta.
Mura n-aontaíonn tú cloí leo sin nó le Téarmaí agus Coinníollacha nua ar bith, ní féidir leat suíomh Idirlín Scoilnet nó suíomhanna Idirlín nó seirbhísí bainteacha eile a úsáid nó a rochtain (nó leanúint lena n-úsáid nó lena rochtain). Is fútsa atá sé an leathanach seo a sheiceáil go rialta lena dhearbhú an bhfuil athruithe ar bith déanta ar na Téarmaí agus ar na Coinníollacha seo agus athruithe ar bith dá leithéidí a athbhreithniú.
Tagraíonn suíomh Idirlín Scoilnet d’eagraíochtaí nó do shuíomhanna Idirlín seachtracha nó nascann sé le heagraíochtaí nó le suíomhanna Idirlín seachtracha nach bhfuil smacht ar bith ag Scoilnet orthu agus ní ghlacann sé freagracht ar bith astu. Soláthraítear na tagairtí d’eagraíochtaí nó suíomhanna Idirlín seachtracha agus na naisc leo ar an suíomh Idirlín ar mhaithe le háisiúlacht amháin. Níor cheart duit a ghlacadh leis go bhformhuiníonn siad na heagraíochtaí sin nó a n-ábhar.
Tá ábhar atá faoi úinéireacht tríú páirtí ar shuíomh Idirlín Scoilnet (m.sh. ailt, íomhánna, fothaí sonraí nó sleachta) agus d’fhéadfadh naisc hipeartéacs le suíomhanna Idirlín atá faoi úinéireacht tríú páirtí a bheith ann chomh maith. Soláthraímid ábhar agus naisc tríú páirtí mar chúirtéis dár n-úsáideoirí. Soláthraítear naisc chun críche faisnéise amháin. Níl smacht ar bith againn ar shuíomhanna Idirlín atá faoi úinéireacht tríú páirtí ar bith nó ar ábhar ar bith a luadh ar an suíomh Idirlín seo, a raibh rochtain ag an suíomh Idirlín air nó atá ar fáil ar an suíomh Idirlín seo. Sa mhéid is go bhfuil sé ceadaithe de réir an dlí, dá bhrí sin, ní dhéanaimid suíomhanna Idirlín nó ábhar tríú páirtí ar bith a fhormhuiniú, a urrú, a mholadh ná ní ghlacaimid freagracht ar bith astu ar chuma eile, nó as infhaighteacht suíomhanna Idirlín dá leithéidí. Go sonrach, ní ghlacaimid le dliteanas ar bith a eascródh as líomhain ar bith go sáraíonn ábhar ar bith faoi úinéireacht tríú páirtí (cibé acu an bhfuil sé foilsithe ar an suíomh Idirlín seo, nó ar shuíomh Idirlín ar bith eile) cearta maoine intleachtúla duine ar bith, nó le dliteanas ar bith a eascródh as faisnéis nó tuairim ar bith a bheith ar shuíomh Idirlín nó ábhar tríú páirtí ar bith dá leithéid.
Sa mhéid is go bhfuil sé ceadaithe de réir an dlí, ní ghlacann Scoilnet agus an Stát agus a seirbhísigh nó a ngníomhairí faoi seach freagracht ar bith as cruinneas, soiléireacht, cuimsitheacht, iomláine, tráthúlacht, oiriúnacht don fheidhm, nádúr nuashonraithe, iontaofacht, nó eile, na faisnéise atá ar fáil ar an suíomh Idirlín seo agus ní thugann siad ráthaíochtaí, gealltanais nó barántais ar bith ina leith. Lena chois sin ní ghlacann siad dliteanas ar bith ar chor ar bith maidir le hearráidí nó easnaimh ar bith i bhfaisnéis dá leithéid nó maidir le muinín ar bith as an bhfaisnéis sin, nó úsáid na faisnéise sin nó le dliteanas ar bith a eascródh as an méid sin.
Cé go rabhamar cúramach agus an suíomh Idirlín seo á chur le chéile againn, sa mhéid is go bhfuil sé ceadaithe de réir an dlí, ní ghlacaimid freagracht ar bith as cailliúint nó as damáiste ar bith a mhaítear gur tharla sé de bharr muinín ar bith as an bhfaisnéis atá ar an suíomh Idirlín seo, nó ar thángthas uirthi tríd an suíomh Idirlín seo, ná ní ghlacaimid freagracht ar bith as caingean ar bith arna déanamh ag duine nó eagraíocht ar bith, pé áit a bhfuil siad bunaithe, mar thoradh, go díreach nó go neamhdhíreach ar an bhfaisnéis atá ar an suíomh Idirlín seo, nó ar thángthas uirthi tríd an suíomh Idirlín seo cibé acu an muidne nó tríú páirtí a chuir an fhaisnéis sin ar fáil.
Agus úsáid á baint agat as an suíomh Idirlín seo, aontaíonn tú go bhfuil sé de réir do chomhairle féin agus do phriacail féin faisnéis ar bith a fhaigheann tú nó a íoslódálann tú ón suíomh Idirlín seo nó tríd an suíomh Idirlín a úsáid.
Cuirtear suíomh Idirlín Scoilnet agus bunachar sonraí na n-acmhainní lenar féidir leat ábhar a uaslódáil nó a phostáil ar fáil chun faisnéis, tuairimí, ábhair agus tráchtanna dlíthiúla, cothroma agus cuí a mhalartú. Admhaíonn tú go bhfuil an fhaisnéis, na sonraí (lena n-áirítear sonraí clárúcháin), an téacs, na bogearraí, an ceol, an fhuaim, na grianghraif, na grafaicí, na físeáin, na teachtaireachtaí ar fad mar aon le hábhair ar bith eile (“Ábhar arna Uaslódáil ag Úsáideoirí”), cibé acu ar ndearnadh iad a phostáil go poiblí nó a sheachadadh go príobháideach, faoi fhreagracht an duine ónar tionscnaíodh an tÁbhar sin arna Uaslódáil ag Úsáideoirí amháin. Ní ghlacann Scoilnet freagracht ar bith as cruinneas, sláine nó cáilíocht Ábhair ar bith arna Uaslódáil ag Úsáideoirí a chuireann tusa nó tríú páirtí ar bith eile ar ár Suíomh Idirlín, agus ní thugann sé ráthaíocht ar bith ina leith.
Admhaíonn tú agus suíomh Idirlín Scoilnet á úsáid agat, go bhfuil an baol ann go bhfeicfidh tú Ábhar arna Uaslódáil ag Úsáideoirí a d’fhéadfadh a bheith maslach, mígheanasach nó déistineach i do thuairim. Féach ár leathanach Cóipchirt le do thoil chun sonraí a fháil ar conas Ábhar den sórt sin arna Uaslódáil ag Úsáideoirí a thuairisciú.
Má sháraíonn tú na Téarmaí agus na Coinníollacha sin, ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh duine arb éagóir leis/léi uaslódáil ábhair ar bith atá, i measc nithe eile, aithiseach nó lena sáraítear cóipcheart, gníomh a dhéanamh agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh sé go nochtfaí sonraí clárúcháin agus sonraí ar bith eile a bhaineann le d’aitheantas agus d’fhéadfadh go mbeadh ort cúiteamh a íoc leis an duine nó leis na gcuideachta arb éagóir leis/léi.
Aontaíonn tú gan na Seirbhísí a úsáid chun:
Admhaíonn tú nach n-athraíonn Scoilnet nó ná ndéanann siad réamhscagadh ar Ábhar arna Uaslódáil ag Úsáideoirí a phostálann tú ar Suíomh Idirlín Scoilnet, ach ag a mbeidh an ceart (ach ní an oibleagáid) ag Scoilnet agus daoine a ainmníonn sé chun monatóireacht a dhéanamh ar uaslódálacha a dhéantar ar shuíomh Idirlín Scoilnet. Má chinneann Scoilnet, ina lánrogha féin, gur sháraigh tusa nó úsáideoir eile na Téarmaí agus na Coinníollacha seo nó go bhfuil an tÁbhar arna Uaslódáil ag Úsáideoirí míchuí nó déistineach ar chuma eile, d’fhéadfadh sé go ndiúltódh Scoilnet Ábhar arna Uaslódáil ag Úsáideoirí ar bith a fhoilsiú nó d’fhéadfadh sé é a scrios, gan dliteanas ar bith duitse nó do thríú páirtí. Mura ndéantar ábhar faoi leith a scrios ní chiallaíonn sé go bhfuil an t-ábhar sin á fhormhuiniú nó á ghlacadh againne.
Aontaíonn tú Scoil, SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas agus a chleamhnaithe a shlánú, a chosaint agus a choimeád ó dhochar ón méid seo a leanas nó ó dhochar i gcoinne an mhéid seo a leanas: dliteanas, caillteanais, éilimh nó costais ar bith arna dtabhú go díreach nó go hindíreach (lena n-áirítear táillí dlíthiúla réasúnta) maidir le do shárú ar na Téarmaí agus ar na Coinníollacha seo, ar dhlí nó rialachán is infheidhme nó ar cheart tríú páirtithe ar bith a bhaineann le húsáid as an Ábhar arna Uaslódáil ag Úsáideoirí, as ár suíomh Idirlín, as seirbhísí agus as uirlisí nó costais ar bith a eascródh as do shárú orthu sin. Áirítear ar an tslánaíocht sin dliteanas ar bith i leith tríú páirtithe, agus costais nó caillteanais ar bith arna dtabhú ag Scoilnet agus/nó ag SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas.
Tá Scoilnet freagrach as líon suíomhanna Idirlín sainiúil don ábhar agus seirbhísí óstáil suíomh Idirlín/blaganna. Ina measc tá Mapaí Scoilnet, CensusAtSchool, I am an Artist, Imagebank, Sci-spy, Science Unleashed. Gabhann téarmaí agus coinníollacha ar leith leo siúd uile agus moltar duit iad a bheith ar an eolas fúthu má tá sé beartaithe agat iad a úsáid.
Tá Cuntas Scoilnet ar fáil do gach múinteoir atá cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta faoi láthair. Ligeann sé do mhúinteoirí teacht ar raon leathan seirbhísí a chuireann Scoilnet agus SFGM - Teicneolaíocht san Oideachas ar fáil, ach úsáid a bhaint as ainm úsáideora/pasfhocal amháin. Má chláraíonn tú le haghaidh Cuntas Scoilnet, tá tú ag glacadh leis na Téarmaí agus leis na Coinníollacha atá liostaithe thíos. Moltar duit a bheith ar an eolas faoi na coinníollacha agus na téarmaí seo agus mura n-aontaíonn tú leo, ní féidir leat clárú le haghaidh Cuntas Scoilnet.
Tá an t-ábhar ar Scoil Britannica ar Líne ceadúnaithe go sonrach le haghaidh cuspóirí oideachais laistigh d’Éirinn ar shuíomh Idirlín Scoilnet. Tá úsáideoirí na ciclipéide ar líne seo faoi cheangal na dtéarmaí agus na gcoinníollacha arna leagan síos ag Scoil Britannica ar Líne. Is fútsa atá sé a chinntiú go bhfuil eolas agat ar théarmaí agus ar choinníollacha Scoil Britannica Ar Líne.
Ní ghlacann Scoilnet freagracht ar bith as na haistriúcháin atá curtha ar fáil ar na suíomh Idirlín seo.
Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann maidir le díospóid ar bith a eascraíonn as an suíomh Idirlín seo.
To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.
If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.
A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.
You need to login before you can add this resource to a Learning Path
Login