Scoilnet is the Department of Education and Skills (DES) official portal for Irish education. Originally launched in 1998, the website is managed by PDST Technology in Education on behalf of the DES. Scoilnet collaborates with practising teachers to maintain and manage the content on the website.
Here is an overview of the services and supports we provide to teachers and schools.
Tá bunachar sonraí ar Scoilnet.ie ina bhfuil de bhreis ar 15,000 acmhainn ar líne, lena n-áirítear suíomhanna Idirlín, quizeanna, pleananna ceachta, nótaí, físeáin/fuaim, cluichí agus ilmheáin eile. Féadtar teacht ar ár gcuid acmhainní ón mbosca cuardaigh gorm ag barr gach leathanaigh. Rinneadh forbairt ar Scoilnet.ie mar thacaíocht do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus, ón mbliain 2014 i leith, ligeann sé do mhúinteoirí a gcuid acmhainní teagaisc agus foghlama féin a roinnt agus a uaslódáil.
Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoi acmhainní Scoilnet agus faoi ábhar eile sa rannán, Ceisteanna Coitianta.


Cuireann Scoilnet comhcheangal ICT leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim chun cinn go gníomhach agus, dá bhrí sin, tá baint aige le forbairt ar roinnt suíomhanna Idirlín neamhspleácha lena mbaineann ábharthacht ar leith do churaclam na hÉireann. Rinneadh é sin i gcomhar le forbairt ghairmiúil agus le seirbhísí tacaíochta curaclaim agus le heagraíochtaí ábhartha eile
Tá na suíomhanna seo a leanas san áireamh:

Tá Scoilnet páirteach i soláthar seirbhís óstála suíomh Idirlín/blaganna don uile scoil freisin. Mar thoradh air sin, tá sé níos éasca do scoileanna a suíomh Idirlín nó a mblag a fhorbairt agus a óstáil ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna. Thairis sin, tá sé saor in aisce. Léigh níos mó faoi Óstáil Suíomh Idirlín/Blaganna Scoilnet anseo.
Féadfaidh múinteoir ar bith atá cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta clárú linn le haghaidh Chuntas Scoilnet. Amach ó naisc nó acmhainní a uaslódáil ar Scoilnet.ie, tugann Cuntas Scoilnet rochtain duit ar ábhar agus ar sheirbhísí ar nós Mhapaí Scoilnet, CensusAtSchool, TeacherCPD.ie agus Óstáil Suíomh Idirlín Scoilnet. Logáil isteach amháin, ach mórán seirbhísí. Comhlánaigh Foirm Chlárúcháin Scoilnet do Mhúinteoirí.
Tá na sonraí pearsanta uile a chuirtear ar fáil san fhoirm seo faoi rún agus daingean agus ní bhainfear úsáid astu ach amháin le rochtain ar sheirbhísí ar líne arna soláthar ag Scoilnet a údarú.

Tá do chuid aiseolais tábhachtach dúinn. Más mian leat dul i dteagmháil linn faoi aon cheist a bhaineann le suíomh Idirlín Scoilnet.ie, bain leas as an bhfoirm ar an leathanach “Déan Teagmháil linn”. If you would like to receive updates about the site sign up for our newsletter or follow us on Twitter.
Más maith leat an nuacht is déanaí a fháil faoin suíomh, cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach nó bí inár dteannta ar Twitter.
Tá Scoilnet ina chuid de SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas atá suite in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9.
Seoladh suíomh Idirlín nua Scoilnet i mí na Bealtaine 2014. Tá stór caighdeánbhunaithe d’acmhainní teagaisc agus foghlama do na hearnálacha bunscoile agus iar-bhunscoile air. Tá meiteashonraí acmhainne ailínithe leis an bPróifíl le haghaidh Feidhmchlár Meiteashonraí de chuid an Mhalartáin Eorpaigh um Acmhainní Foghlama a bhfuil mar aidhm aici freastal ar riachtanais oideoirí K-12 ar fud na hEorpa.
Rinneadh an dearadh, an fhorbairt agus an bhainistíocht ábhair (TYPO3) ar Scoilnet i gcomhpháirtíocht le Fluid Rock, ar mórsholáthróir réiteach digiteach Éireannach é.
Nuashonraíodh an leathanach an t-am deireanach an 15 Bealtaine 2014.
To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.
If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.
A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.
You need to login before you can add this resource to a Learning Path
Login