Is dócha gurb í an litearthacht an bhunchloch is riachtanaí den oideachas agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Gan í, ní féidir aon rud eile a fhoghlaim.
Déantar í a shainiú mar “an cumas a bheith in ann na cineálacha éagsúla cumarsáide a léamh, a thuiscint agus léirthuiscint chriticiúil a bheith againn orthu, an teanga labhartha, téacs clóite, na meáin chraolta, agus na meáin dhigiteacha ina measc.”(DES, 2011 lch.8)
Mar fhreagairt don straitéis náisiúnta (2011-2020) maidir le feabhas a chur ar an litearthacht agus ar an uimhearthacht cuireann a lán eagraíochtaí raon seirbhísí agus tacaí ar fáil. Áirítear leo siúd:
Cuireann an SFGM seimineáir, forbairt ghairmiúil leanúnach agus acmhainní ar fáil chun tacú le múinteoirí a ainmníodh mar mhúinteoirí Nasc Litearthachta agus le múinteoirí i gcoitinne. Cé go raibh an phríomhbhéim sna seimineáir ar theagasc na teanga béil, rinneadh an próiseas léitheoireachta agus na seánraí scríbhneoireachta, acmhainní luachmhara eile ar ghnéithe na litearthachta amhail tuiscint a threorú agus scríbhneoireacht faoi threoir a chur le chéile chomh maith.
Tá cláir litearthachta fhadbhunaithe amhail na Chéad Chéimeanna agus Breith ar an Léitheoireacht fós á bhfeidhmiú faoin tionscnamh DEIS. Cruthaíodh go méadaítear leibhéal litearthachta leanaí i scoileanna ag a bhfuil stádas DEIS leis na cláir sin.
Lena chois sin, chuir an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais pacáiste acmhainní ar fáil dar teideal An Treoir Dea-chleachtais: Idirghabhálacha Éifeachtacha do Dhaoine a bhfuil Deacrachtaí Léitheoireachta acu (Effective Interventions for Struggling Readers Good Practice Guide) chun tacú le múinteoirí cláir éifeachtacha a sheachadadh.
Ar deireadh, lasmuigh den straitéis litearthachta, leantar cuspóirí churaclam Béarla na bunscoile ar gach leibhéal i scoileanna agus chuir an CNCM a lán tacaí i bhfeidhm lena chur i bhfeidhm a chinntiú. Áirítear leo siúd scéalta a scríobh i seomra ranga ilghráid i gcomhthéacs an mheasúnaithe don fhoghlaim.
Cuireann Scoilnet na céadta acmhainní Béarla tarraingteacha ar fáil ar gach leibhéal ar a ndearna múinteoirí Éireannacha athbhreithniú. Bain úsáid as ár bhfeidhm nua cuardaigh chun ceann a oireann do do chuid riachtanas a fháil.
Sa bhliain 2011, d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011 – 2020 mar mhodh chun tús áite a thabhairt do scileanna litearthachta agus uimhearthachta leanaí ar fud na tíre.
To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.
If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.
A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.
You need to login before you can add this resource to a Learning Path
Login