Tugtha cothrom le dáta 8 Aibreán 2014
Tá meas ag Scoilnet ar phríobháideachas gach cuairteora ar ár suíomh Idirlín. Sa Bheartas um Fhianáin léirítear ár mbeartas maidir le húsáid a bhaint as fianáin ar Scoilnet.ie. Féadfaimid an Beartas um Fhianáin a thabhairt cothrom le dáta ó am go chéile chun teacht le hathruithe ar bith sa teicneolaíocht nó sa reachtaíocht a rachadh i gcion ar an dóigh a n-úsáidimid fianáin agus an dóigh ar féidir leatsa mar úsáideoir iad a bhainistiú. Seiceáil an leathanach seo go rialta le haghaidh nuashonruithe.
Is comhaid bheaga sonraí iad fianáin a chuirtear chuig do ríomhaire, do tháibléad nó d’fhón póca ó ríomhaire (freastalaí) suíomh Idirlín agus a stóráiltear ar thiomántán crua do ghléis. Bainimid úsáid as fianáin chun ár suíomh a dhéanamh níos gaiste agus níos éasca lena úsáid. Beidh fianáin á n-úsáid ar fhormhór na suíomhanna Idirlín a dtabharfaidh tú cuairt orthu d’fhonn feabhas a chur ar d’eispéireas úsáideora trí ligean don suíomh Idirlín sin ‘cuimhne a choinneáil’ ort, ar feadh thréimhse do chuairte (ag baint úsáid as ‘fianán seisiúin’) nó le haghaidh athchuairteanna (ag baint úsáid as ‘fianán dianseasmhach’). Ní féidir úsáid a bhaint as fianáin chun tú a aithint go pearsanta agus ní féidir cláir a reáchtáil nó víris a sheachadadh chuig do ríomhaire le fianáin.Úsáideann Scoilnet.ie an fhaisnéis a sholáthraíonn na fianáin chun tuiscint a fháil ar líon na ndaoine a úsáideann an suíomh Idirlín, agus conas a úsáideann siad é, ionas gur féidir linn feabhas a chur air go leanúnach. Taispeántar liosta de na fianáin a úsáideann suíomh Idirlín Scoilnet.ie ar an tábla thíos.
| Ainm an fhianáin | Dáta Éaga | Foinse | Cuspóir leis an bhFianán |
|---|---|---|---|
| __atuvc | 3 lá | www.scoilnet.ie | Leis an bhfianán seo is féidir le cuairteoirí ábhar a chomhroinnt le raon ardáin líonraithe agus chomhroinnte. |
| hl | 1 lá | www.scoilnet.ie | Leis an bhfianán seo stóráiltear faisnéis a bhaineann leis an teanga ar mian leat a úsáid chun féachaint ar an suíomh Idirlín seo. m.sh. Béarla / Gaeilge |
| fe_typo_user | Nuair a thagann an seisiún brabhsála chun críche | www.scoilnet.ie | Baintear úsáid as an bhfianán seo mar aitheantóir seisiún úsáideora ionas go mbeifear ábalta roghanna úsáideora a stóráil. Tá aitheantóir randamach ann seachas sonraí úsáideora sainiúla ar bith. |
| PHPSESSID | Nuair a thagann an seisiún brabhsála chun críche | www.scoilnet.ie | Is aitheantóir ilfheidhmeach é an fianán seo a úsáidtear chun athróga seisiúin a choinneáil, amhail an stádas logáilte isteach. Tá uimhir a ghintear go randamach ann. |
| scoilnet-cookie-note | 30 lá | www.scoilnet.ie | Baintear úsáid as an bhfianán seo mar aitheantóir lena fháil amach ar dhiúltaigh an t-úsáideoir foráireamh an fhógra fianán. |
Is féidir leat a roghnú go dtabharfaidh do ríomhaire rabhadh duit am ar bith a bheidh fianán á shocrú, nó na fianáin ar fad a chasadh as. Is féidir leat na roghanna sin a shocrú laistigh de shocruithe do bhrabhsálaí. Tá gach brabhsálaí éagsúil, áfach, mar sin seiceáil roghchlár Cabhrach do bhrabhsálaí chun d’fhianáin a athrú. Má chasann tú na fianáin as, ní bheidh rochtain agat ar a lán gnéithe a chuirfeadh feabhas ar d’eispéireas. Lena chois sin, ní fheidhmeoidh formhór na seirbhísí lena dteastaíonn logáil isteach ar chor ar bith.
Is féidir leat cuairt a thabhairt ar www.allaboutcookies.org chomh maith chun sonraí a fháil maidir le conas fianáin a scrios nó a dhiúltú agus chun tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin go ginearálta. D’fhonn eolas a fháil ar úsáid fianán i mbrabhsálaithe ar fhóin phóca agus d’fhonn sonraí a fháil ar conas diúltú d’fhianáin den sórt sin nó conas iad a scriosadh, féach ar lámhleabhar do sháis láimhe.
Tabhair faoi deara, áfach, má dhiúltaíonn tú d’úsáid fianán beidh tú fós in ann cuairt a thabhairt ar ár suíomh Idirlín ach tá seans ann nach n-oibreoidh roinnt feidhmeanna i gceart.
To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.
If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.
A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.
You need to login before you can add this resource to a Learning Path
Login