School level

An tSraith Pictiúr 2012

Tá sé in am tosú ag obair

Téacs Samplach:

Tá sé cinn de phictiúir sa tsraith seo. Seo téacs samplach den chur síos a bhféadfaí a dhéanamh ar gach pictiúr faoi seach. Is iad na pearsanna atá léirithe sa scéilín seo ná máthair, mac léinn, agus príomhoide scoile. Tabharfaidh mé Seán ar an mac léinn.

sraith1-1
caption if needed

Pictiúr 1: "Fuair máthair droch-thuairisc scoile ar a mac sa phost."

Is cosúil gur tháinig litir chuig an teach seo agus gur oscail an mháthair í. Tuairisc scoile ar a mac, Seán, a bhí inti. Ní raibh sí blas sásta leis na torthaí a fuair in dhá ábhar, an Ghaeilge agus an Stair. Is ar éigean a d'éirigh leis pas a fháil iontusan. Ní bhfuair sé ach "D" iontu araon. Ba léir don mháthair nach raibh a mac ag obair ar scoil ná sa bhaile, nach raibh sé ag luí isteach ar an staidéar mar ba chóir.

sraith1-2

Pictiúr 2: "Íde béil i seomra a mic, seomra Sheáin"

Isteach leis an mháthair chuig seomra Sheáin agus cuthach feirge uirthi. Bhí Seán istigh agus é in ainm is a bheith ag staidéar ach is amhlaidh gur ag imirt cluiche ar an ríomhaire a bhí sé. Spriúch a máthair. Thug sí íde béil dó. D'fhiafraigh sí de an raibh obair bhaile ón scoil le déanamh aige agus dúirt sé nach raibh. Dúirt sí go labhródh sí le Príomhoide na scoile. Thit an lug ar an lag ar Sheán. Bhí a fhios aige go raibh sé san fhaopach anois.

sraith1-3

Pictiúr 3: "Glao gutháin agus coinne socraithe"

Amach le máthair Shéain go dtí an fón sa halla. Dhiailigh sí uimhir na scoile. Nuair a d'fhreagair Rúnaí na scoile dúirt máthair Shéain léi gur theastaigh uaithi labhairt leis an bPríomhoide. Ní raibh an Príomhoide ar fáil ach dúirt sí go raibh sé ag súil le glao uaithi agus gur mhaith leis labhairt léi féin agus le Seán ina oifig an mhaidin dár gcionn. Socraíodh go mbeadh coinne acu ag a 10.00 a chlog chun an scéal a phlé.

sraith1-4

Pictiúr 4: "Cruinniú in Oifig an Phríomhoide"

Nuair a shroich Seán agus a mháthair an scoil thug an Rúnaí isteach chuig an bPríomhoide iad. Labhair an Príomhoide leo faoi na hathruithe a chaithfeadh an mac léinn a chur i gcrích chun go bhféadfadh sé feabhas a chur ar a chuid staidéir. An chéad rud agus an rud ba thábhachtaí ná go gcaithfeadh sé éirí as na cluichí ríomhaire a imirt le linn am staidéir. Chaithfeadh sé an teilifís a mhúchadh agus luí isteach ar na leabhair arís. 

sraith1-5

Pictiúr 5: "Cruinniú in Oifig an Phríomhoide"

Sa phictiúr seo is léir gur ghlac Seán le comhairle an Phríomhoide. D'éirigh sé as na cluichí ríomhaire. Mhúch sé an teilifís agus luigh sé isteach go dáiríre ar ann staidéar. 

sraith1-6

Pictiúr 6: "Dea-thuairisc: Feabhas mór ar na torthaí"

Fuair sé luach a shaothair. Nuair a tháinig an chéad tuairisc eile bhí feabhas iontach tagtha ar na torthaí. "A" a fuair sé sa Ghaeilge agus "B" sa stair. Bhí a mháthair an-sásta lena maicín mánla arís. "Bhí a fhios agam go bhféadfá é sin a dhéanamh," ar sise.

Add a resource

Did you know that your Internet Explorer is out of date

To get the best possible experience using our website we recommend that you upgrade to a newer version or other web browser.

Upgrade your browser now

Registering for a Scoilnet Account – your first step to contributing and sharing

What you need...

To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.

If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.

The benefits...

A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.


Register

Add this resource to your Learning Path

You need to login before you can add this resource to a Learning Path

Login