School level

Bainne Daite / Piodar Éartha

Tá dhá thurgnamh san fhíseán seo. Bainne Daite atá ar an gcéad cheann agus Piobar Éartha atá ar an dara ceann. Cé gur dhá thurgnamh ar leith iad, léirítear an prionsabal eolaíochta céanna iontu, teannas dromchla.

Modheolaíocht 1
Modheolaíocht 2

Bainne Daite / Piodar Éartha

Trealamh

  • fs
  • Bainne
  • Babhla
  • Leacht níocháin
  • Píosa beag uisce i mbabhla nó i gcupán
  • Dathú bia – dathanna difriúla
  • Baitíní cadáis

Réamhchúraimí

Ná lig do na daltaí an meascán ná aon chuid de na comhábhair a ól.

Modh

  1. Cuir an bainne i mbabhla. Ní gá an babhla a líonadh ar fad, níl ag teastáil ach dóthain bainne go mbeidh an dathú bia in ann bogadh thart ann.
  2. Cuir cúpla braon de gach dathú bia leis.
  3. Chun an tuaslagán leacht níocháin a dhéanamh: Measc cúpla braon den leacht níocháin le píosa beag uisce agus measc iad.
  4. Cuir baitín cadáis isteach sa tuaslagán leacht níocháin.
  5. Cuir barr an bhaitín cadáis isteach sa bhabhla bainne agus dathú bia go mall agus breathnaigh ar an dathú bia ag bogadh trasna an bhabhla.
  6. Tarlaíonn sé sin mar gur bhris an leacht níocháin an teannas dromchla agus go bhfuil an dathú bia in ann bogadh thart gan aon srian anois.

Nótaí an Mhúinteora

Tarlaíonn an ghluaiseacht a fheictear mar gheall ar chúpla rud: An cumas atá ag gallúnach uisce agus saill a scaradh óna chéile trí imoibriú ceimiceach. Uisce agus saill is mó atá i mbainne. Beireann píosa amháin den mhóilín gallúnaí ar mhóilín uisce agus beireann píosa eile ar mhóilín saille. Scarann sé sin an t‑uisce agus an tsaill sa bhainne agus cruthaítear suaiteacht sa bhabhla. Is mar gheall air sin a thosaíonn an bainne ag bogadh agus ag guairneán a luaithe is a chuirtear an ghallúnach leis.

Baineann an dara cúis le teannas dromchla láidir an uisce. Bíonn aomadh – nó tarraingt – an‑láidir idir móilíní uisce. Cruthaíonn an teannas sin screamh dofheicthe nó craiceann ar an dromchla. Briseann an ghallúnach screamh, nó teannas dromchla, an uisce agus bogann an dathú bia ar an uisce suaite, ag cruthú patrúin áille. Feicimid chomh fiúntach is atá gallúnach nuair a nímid soithí. Ligeann an ghallúnach dúinn gréisc, nó saill, a bhaint dár bpotaí. Tá an prionsabal céanna i gceist anseo.

Gníomhaíochtaí Breise

  1. Iarr ar na daltaí a mhíniú cén fáth a bhfuil bainne tábhachtach. Iarr orthu a míniú a nascadh leis an turgnamh i dtéarmaí phríomh‑chomhpháirteanna an bhainne: saill, próitéin agus uisce.
  2. Is féidir an turgnamh seo a dhéanamh le cineálacha difriúla bainne go bhfeicfear an mbíonn aon tionchar aige sin ar an turgnamh. Forbróidh sé sin scileanna breathnóireachta agus smaointeoireachta criticiúla na ndaltaí.
  3. Breathnaigh cén grúpa daltaí atá in ann an patrún is ildaite a chruthú. Tóg pictiúr dá n‑iarrachtaí agus cuir i láthair ar chlár cliste nó le hosteilgeoir iad. Iarr ar na daltaí an ceann is fearr a roghnú.

Bileoga Oibre

Tá trí bhileog oibre ann don dá chuid den fhíseán. Tá na bileoga oibre don Bhainne Daite thíos.


Piobar Éartha

Trealamh

  • fd
  • Uisce
  • Babhla
  • Piobar meilte
  • Tuaslagán leacht níocháin ón turgnamh roimhe seo.

Réamhchúraimí

Arís, ná lig do na daltaí aon chuid de na comhábhair a ithe ná a ól. Ba cheart do na daltaí a bheith cúramach leis an bpiobar, mar go mbíonn sé éasca praiseach mhór a dhéanamh leis.

Modh

  1. Doirt roinnt uisce sa bhabhla.
  2. Croith an piobar isteach sa bhabhla.
  3. Cuir baitín cadáis isteach sa tuaslagán leacht níocháin agus ansin cuir an baitín cadáis isteach sa bhabhla ina bhfuil an piobar.
  4. Breathnaigh ar an bpiobar ag bogadh go sciobtha go taobh an bhabhla nuair a bhriseann an teannas dromchla.

Nótaí an Mhúinteora

Suíonn an piobar ar dhromchla an uisce, mar gheall ar na naisc idir na móilíní uisce. Nuair a chuirtear gallúnach leis an uisce, laghdaítear teannas dromchla an uisce. Anois teastaíonn ón uisce a bheith cothrom (bíonn uisce ag bolgadh aníos beagáinín go hiondúil, ar nós má chuireann tú an iomarca uisce i ngloine, nó má bhíonn braon amháin uisce ina shuí ar dhromchla cothrom). De réir mar a éiríonn an t‑uisce níos cothroime, tugann sé an piobar atá ag snámh ar an dromchla ar siúl ó fhoinse na gallúnaí agus go himeall an uisce. B’fhéidir freisin go bhfeicfeá cuid den phiobar ag titim go bun an bhabhla toisc go bhfuil teannas dromchla an uisce níos ísle anois.


Add a resource

Did you know that your Internet Explorer is out of date

To get the best possible experience using our website we recommend that you upgrade to a newer version or other web browser.

Upgrade your browser now

Registering for a Scoilnet Account – your first step to contributing and sharing

What you need...

To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.

If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.

The benefits...

A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.


Register

Add this resource to your Learning Path

You need to login before you can add this resource to a Learning Path

Login