School level

Slobar Slabar!

Is físeán é seo faoi thurgnamh spraíúil agus éasca chun sláthach a chruthú. Ag brath ar an gcaoi a meascann tú na comhábhair le chéile, déanfar rud éigin atá sreangánach, ramallach nó níos cosúla le marla. Is turgnamh eolaíochta nó taispeántas físeáin céadfach iontach, sciobtha agus éasca é seo.

Modheolaíocht


Trealamh

  • Gliú PVA (gnáthghliú uiscethuaslagtha)
  • Púdar Bóráis
  • Uisce
  • Dathú bia (dath ar bith)
  • Babhla agus spúnóg
  • Dhá chrúsca/ghloine atá ar cóimhéid chun an gliú agus an t‑uisce a thomhas
  • Spúnóg tae
  • Braonairí

Réamhchúraimí

Caith naprúin, nigh do dhá láimh i ndiaidh an turgnaimh, ná hith an sláthach, agus seachain nach dtéann sé i ngar do do shúile ná d’éadach ar bith.

Modh

Tomhais an méid céanna uisce agus gliú (thart ar leathchupán an ceann).
Cuir isteach i mbabhla iad.
Measc le chéile go maith iad.
Cuir cúpla braon de dhathú bia leo.
Chun an Tuaslagán Bóráis a dhéanamh: Cuir spúnóg tae de phúdar Bóráis (a bhíonn ar fáil ón gcógaslann) i gcupán glan eile agus leathlíon le huisce é. Measc go maith é.
Cuir cúpla braon den tuaslagán Bóráis isteach sa bhabhla ina bhfuil an gliú, an t‑uisce agus an dathú bia, agus measc gach rud le chéile.
De réir mar a bhíonn tú á mheascadh cruthófar an sláthach.

B’fhéidir go mbeadh ort níos mó den tuaslagán Bóráis a chur sa bhabhla chun a chinntiú go n‑iompóidh an leacht ar fad ina shláthach.

Tabhair faoi deara: Is féidir an sláthach a stóráil i mála Ziploc chun é a choinneáil úr agus solúbtha ar feadh cúpla seachtain.

Tabhair faoi deara

Mura n‑úsáidtear dathú bia, ba cheart go mbeadh tú in ann an sláthach a níochán de dhromchlaí agus d’fhormhór na n‑éadach in‑nite. D’fhéadfadh dathú bia dath a fhágáil ar chraiceann ar feadh tamall fada agus d’fhéadfadh sé dath a fhágáil ar éadaí go deo, mar sin bí cúramach má dhéanann tú sláthach daite. Is féidir lámhainní aon uaire a úsáid chun an sláthach a láimhseáil go dtí go dtriomaíonn sé.

Nótaí an Mhúinteora

Is plaisteach é gliú bán PVA a dhéantar as ola. Is mianra nádúrtha é Bórás a bhaintear as mianaigh faoin talamh. Cuireann daoine lena níochán é uaireanta chun go n‑oibreoidh a nglantach go maith. Cruthaítear polaiméir shreabhánach, thrasnasctha sa turgnamh seo. Is móilín mór í polaiméir a fhaightear i bplaistigh go hiondúil. Tá snáitheanna PVA sa pholaiméir sláthaigh a gcoinníonn na cáithníní bóráite le chéile trí nascadh hidrigine. Cruthaíonn an trasnascadh sin an sláthach. Is idirghníomhú nach féidir dul siar air é sin, cosúil le hubh a bhruith go mbeidh sí ina hubh chruabhruite.

Bíonn an‑tóir ar an turgnamh sláthaigh i measc daltaí de gach aois ach tá sé oideachasúil freisin; oibríonn na daltaí ar oideas, úsáideann siad scileanna tomhais, breathnóireachta agus obair bhuíne chun an sláthach a chruthú. Ina dhiaidh sin, is féidir tabhairt faoi réimse gníomhaíochtaí breise ina dtagann na daltaí ar fhianaise chun í a chur i láthair.

Gníomhaíochtaí Breise

Feidhmíonn sláthach mar sholad agus mar leacht, iarr ar na daltaí liosta a dhéanamh de shubstaintí ramallacha eile. Is sampla ón mbaile é citseap.
Ba cheart do na daltaí airíonna an tsláthaigh a fhiosrú. Iarr ar na daltaí breith ar an sláthach ina lámha agus breathnú an dtéann sé tríd a méara. Cá fad is féidir leo an sláthach a shíneadh? An athraíonn an dath riamh? Iarr ar na daltaí liathróid bheag a dhéanamh den sláthach agus ligean dó titim ar an mbord. Feidhmeoidh an sláthach cosúil le solad nuair atá sé faoi strus, mar sin ní thiocfaidh steanc as ná ní dhéanfaidh sé praiseach den bhord. Iarr ar na daltaí buille faoi thuairim a thabhairt faoin méid a tharlóidh agus iarr orthu a gcuid torthaí a mhíniú.
Iarr ar na daltaí seasamh i líne i ngreim láimhe ar a chéile. Coinnídís greim ar lámha a chéile agus iarr ar dhalta amháin dul chun cinn dhá choiscéim agus ar dhalta eile dul siar dhá choiscéim. Lig dóibh leanúint ar aghaidh mar sin ar feadh tamaill agus tuigfidh siad ar deireadh go bhfuil siad ag gníomhú mar a bheadh sláthach ann. Léiríonn a lámha na naisc cheimiceacha a choinníonn an sláthach le chéile. Ba cheart go dtabharfaidís faoi deara freisin má bhogann siad an iomarca go mbrisfidh an líne, díreach cosúil leis an sláthach.

Bileoga Oibre

Tá trí bhileog oibre le gach turgnamh – ceann do na bunranganna, ceann do na meánranganna agus ceann do na hardranganna. Is féidir iad a chóipeáil go héasca agus a thabhairt do na daltaí i ndiaidh na gníomhaíochta nó mar obair baile.

Add a resource

Did you know that your Internet Explorer is out of date

To get the best possible experience using our website we recommend that you upgrade to a newer version or other web browser.

Upgrade your browser now

Registering for a Scoilnet Account – your first step to contributing and sharing

What you need...

To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.

If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.

The benefits...

A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.


Register

Add this resource to your Learning Path

You need to login before you can add this resource to a Learning Path

Login