School level

Snámh nó Titim

Taispeántar an chaoi ar féidir leachtanna a úsáid chun roinnt prionsabail dlúis a léiriú ar bhealach an‑daite san fhíseán seo. Dearadh é le hamharcfhoghlaimeoirí a mhealladh.

Modheolaíocht


Trealamh

  • Gloine ard nach bhfuil daite
  • Leachtanna difriúla a bhfuil dlús difriúil acu ar fad: Síoróip, Leacht níocháin, Uisce daite, Ola cócaireachta
  • Solaid dhifriúla a bhfuil dlús difriúil acu ar fad: Corc, fraocháin agus trátaí silín

Réamhchúraimí

Beidh ar na daltaí oibriú go cúramach leis na hábhair le bheith cinnte nach measctar iad nuair a bhíonn an turgnamh ar bun. Fágfaidh roinnt de na hábhair dath ar éadaí agus ar chraiceann, agus níor cheart aon chuid a ithe ná a ól.

Modh

  1. Ar dtús, cuir an síoróip sa ghloine. Bí cúramach gan aon chuid a dhoirteadh ar na taobhanna (nó beidh orainn fanacht ar an tsíoróip ar fad dul síos go bun na gloine).
  2. Ansin cuir an leacht níocháin leis go mall réidh.
  3. Doirt an t‑uisce daite go réidh síos taobh na gloine.
  4. Faoi dheireadh, cuir an ola cócaireachta leis agus lig do na leachtanna socrú síos ar feadh cúpla nóiméad.
  5. Lig do na leachtanna scaradh ina n‑iomláine, ceann ar cheann.
  6. Beidh na leachtanna agus na solaid is dlúithe gar don bhun agus beidh na leachtanna agus na solaid is lú dlúis ag an mbarr.

Nótaí an Mhúinteora

Oibríonn Snámh nó Titim? ar an mbunús go mbíonn dlús difriúil ag leachtanna difriúla. Snámhann leachtanna/solaid/gáis a bhfuil dlús íseal acu orthu siúd a bhfuil dlús níos airde acu. Is ionann dlús agus an méid maise atá ag ábhar, le haghaidh toirt faoi leith. Mar shampla, má chuimhnímid ar an méid siúcra atá in dhá channa Coke (Coke agus Diet Coke): Le haghaidh toirt faoi leith (méid an channa), tá níos mó siúcra i leacht Coke ná i leacht Diet Coke, agus tá sé níos dlúithe dá bharr. Nuair a chuirtear an dá channa in umar uisce, titfidh an canna is dlúithe (Coke) agus snámhfaidh an canna eile (Diet Coke).

Mar go bhfuil dlúsanna difriúla ag na leachtanna san fhíseán, nuair a mheasctar iad scarfaidh siad óna chéile ag brath ar a ndlús. Is féidir é sin a thaispeáint go simplí le hola agus le huisce. Is é 1gm/cm3 dlús an uisce, ach tá dlús na hola níos ísle ag 0.9gm/cm3. Dá bhrí sin snámhann an ola ar an uisce. Léirítear é sin i bhFíor 2.

Gníomhaíochtaí Breise

Is féidir dhá leacht nach n‑aithníonn siad agus uisce a thabhairt d’ardranganna. Iarr ar na daltaí a fháil amach cé acu leacht is dlúithe agus cé acu is lú dlúis trí fhiosrúchán. Ansin is féidir leo buille faoi thuairim a thabhairt faoi céard iad na leachtanna, bunaithe ar a ndlús.
Má tá tú ag tabhairt faoin turgnamh seo mar thaispeántas, iarr ar an rang buille faoi thuairim a thabhairt an snámhfaidh na leachtanna nó an dtitfidh siad.
Cuir na daltaí i ngrúpaí agus iarr orthu taighde a dhéanamh ar eachtraí de dhoirteadh ola agus ar a dtionchar ar an gcomhshaol agus an t‑eolas a chur i láthair.

Bileoga Oibre

Tá trí bhileog oibre le gach turgnamh – ceann do na bunranganna, ceann do na meánranganna agus ceann do na hardranganna. Is féidir iad a chóipeáil go héasca agus a thabhairt do na daltaí i ndiaidh na gníomhaíochta nó mar obair baile.

Add a resource

Did you know that your Internet Explorer is out of date

To get the best possible experience using our website we recommend that you upgrade to a newer version or other web browser.

Upgrade your browser now

Registering for a Scoilnet Account – your first step to contributing and sharing

What you need...

To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.

If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.

The benefits...

A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.


Register

Add this resource to your Learning Path

You need to login before you can add this resource to a Learning Path

Login