DO PHOBAL GHAELSCOIL THOMÁIS DÁIBHÍS
FORÓGRA NUA-AOISE 2016
A fhearaibh agus a mhnáibh, a bhuachaillí agus a chailíní,
Is le bród agus le h-áthas go dtugaimid an Forógra nua-cheaptha seo daoibh.
Ar an ócáid speisialta seo, cuimhneoimid ar na tírghráthóirí a fuair bás ar son ár saoirse. Is fúinne atá sé leanúint le na bunluachanna a thaispeáin ár sinsir dúinn, a fhorbaairt agus a thabhairt chun cinn.
Ag an dtráth seo, táimid ag caitheamh súil ar an saol ata imithe ach táimid ag tnúth leis na blianta atá chugainn.
Fógraímid an tír mar Náisiún móraigeanta, mórchróioch, lenár bhForógra féin 2016.
Tá a lán smaointí clúduithe anseo, ag tosnú le h-obair óna naíonáin agus ag críochnú le tuairimí na ndaltaí ó Rang a Sé.
Táimid buíoch d’ár dtuismitheoirí, seanthuismitheoirí agus na daoine a tháinig romhainn. Geallaimid go mbeimid buíoch, cineálta agus ómósach dóibh.
Tá ár dtimpeallacht tábhachtach. Coimeádfaimid ár dtír glan. Tabharfaimid aire do na hainmhithe.
Ba mhaith linn a bheith ábalta foghlaim lenár gcairde i slí taitneamhach. Ba mhaith linn a bheith sábháilte i gcónaí.
Ba mhaith linn a bheith inár gcónaí i dtigh deas lenár gclann. Tá a lán daoine gan dídean sa tír. Ba chóir go mbeadh cóiríocht cuí ag gach éinne. Ba chóir dúinn aire a thabhairt do dhaoine gan tithe.
Cuirfimid fáilte roimh ghach páiste chuig ár scoil. Beidh seans ag gach éinne foghlaim ar a c(h)umas agus ar a s(h)uaimheas.Beidh gach éinne go deas le chéile agus ag obair le chéile. Ba cheart go mbeadh gach páiste muiníneach.
Imrímid cluichí gaelacha i gCarraig na hAbhann agus ar scoil. Is breá linn ár gcluichí féin mar is féidir linn ár scith a ligint agus feabhas a chur ar ár sláinte. Is breá linn an t-amhrán naisiúnta a chanadh ag tús an chluiche.
Tá clú agus cáil ar Éire i gcúrsaí ealaíne; sa cheol, scríobhneoireacht agus aisteoireacht. Is aoibhinn linn na healaíona agus tá traidisiún na healaíne an-láidir sa tír seo. Feicimid é sin leis na buanna iontacha atá ag na hÉireannaigh a tháinig romhainn. Táimid chun spiorad na healaíne a leanúint agus a spreagadh.
Tá creideamh tabhachtach inár saol. Is scoil Chathlaiceach í Gaelscoil Thomáis Dáibhís. Ach tuigimid go bhfuil creidimh eile tábhachtach do dhaoine difriúla sa tír seo. Tugaimid meas do gach éinne agus dá gcreideamh féin.
Tá fonn orainn deireadh a chur le bulaíocht. Táimid go léir ag foghlaim mar gheall ar cad is brí le bulaíocht, cén áiteanna a dtarlaíonn sé agus cad ba chóir dúinn a dhéanamh má tá bulaíocht ag tarlú dúinn. Bíodh meas againn ar a chéile i gcónaí.
Is seoid náisiúnta í an Ghaeilge go gcaithfimid aire a thabhairt di agus í a choimeád beo anois agus sna blianta atá romhainn. Coimeádfaimid ár dteanga beo agus úsáidfimid í ar scoil an t-am ar fad agus sa bhaile chomh minic agus is féidir. Creidimid go láidir i bhfocail Thomáis Dáibhís, “Tír gan teanga, tír gan anam”.
Ba bhreá linn feabhas a chur ar chúrsaí sláinte sa tír iontach seo. Tá sé de dhualgas orainn mar náisiún córas sláinte éifeachtach a chur ar fáil dár muintir. Ní mór dúinn aire a thabhairt dár sláinte aigne agus sláinte choirp. Mar a deir an seanfhocal , ”Is fearr an sláinte ná na táinte”.
Is mian linne sa Ghaelscoil fadhbanna sóisialta na linne seo a leigheas. Is cóir go mbeadh tacaíocht ar fáil d’éinne a bhraitheann faoi bhrú de bharr drugaí, alcól, droch íde agus piarbhrú. Tá géarghá le saol sláintiúil a chaitheamh. ‘Sé ár nguí go gcuirfí tuilleadh áiseanna spóirt, níos mó raon rothair agus cosáin ar fáil ionas go mbeidh ár mbóithre agus ár ndómhan níos sábháilte agus úsáideach do chách.
Go mbeadh meas agus grá ag saoránaigh na hÉireann go deo ar an léann agus go gcothófaí é i scoileanna agus i mbailte na tíre mar bhun-phriosabal dos na gliúin atá chugainn.
Mar fhocal scoir , ba mhaith linn deireadh a chur le h-idirdhealú, comhchúram a dhéanamh do theaglaigh uile an náisiúin, páistí agus daoine fásta araon.
Cuirimid ár bhForógra Scoile faoi choimirce Dhia Mór na nUilechumhacht agus impímid a bheannacht ar ár n-iarrachtaí.
Arna shíniú thar ceann Phobail na Scoile
Darragh Mac Coitir (Dalta) Dónal Ó Murchú (Príomhoide)
Maire Bn Úí Bhriain (BordBainistíochta) Niamh Bn Mhic Cormaic (Tuismitheoir)
Labhrás Ó hIcí ( Múinteoir)
The following people from our school community worked on producing our New Proclamation.
Gabhaim buíochas agus déanaimid comhghairdeas le pobal uile na scoile as an obair seo a chur i gcrích. Leis na daltaí agus a múinteoirí , gabhaimid buíochas libh .
The following themes are important to our school
To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.
If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.
A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.
You need to login before you can add this resource to a Learning Path
Login