Cabhróidh an cur i láthair seo le múineadh agus foghlaim an gearrscéal An Gnáthrud le Déirdre Ní Ghrianna. Tá an gearrscéal seo ar shiollabas litríochta na hArdteiste ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal.
Strand: Prós
Strand unit: An Gnáthrud
Suggestions for use: Tá an cur i láthair seo oiriúnach don dá leibhéal; ATAL agus ATGL. Cuirtear béim ar chúlra an scéil mar atá na Trioblóidí sa Tuaisceart - ní thuigfidh na daltaí téama an ghearrscéil gan tuiscint a bheith acu ar an gcúlra polaitiúil ar dtús. Úsáidtear grianghraf agus léarscáil chun réaltacht na dtrioblóidí sa Tuaisceart a chur abhaile ar na daltaí. Tá nasc idirlín sa chur i láthair agus leis an nasc sin, gheofar léiriú ar an scéal trí mheán phictiúir a tharraing páistí. Tá an léiriú sin, a chuir T-Rex ar youtube, tá sé thar a bheith éifeachtach ar fad. Bainfidh sé stangadh as na daltaí. Sa chur i láthair, leagtar béim ar eochairphointí an scéil, ar thréithe na gcarachtar agus ar na heochairabairtí a bheidh de dhíth ar dhaltaí agus iad ag freagairt ceiste ar an bpíosa litríochta seo. Déantar seánra an ghearrscéil a phlé chomh maith - ná déantar dearmad ar an litríocht a nascadh le Ceist 6B ar an léamhthuiscint ag an Ardleibhéal. Is fiú 30 marc an cheist ar an bhfilíocht ainmnithe ag an Ardleibhéal agus is fiú 50 marc an cheist ar an bhfilíocht ainmnithe ag an nGnáthleibhéal.
To register for a Scoilnet Account you will need to have a Teaching Council number and a roll number for your school in Ireland.
If you already have a Scoilnet Account then you can sign in here.
A Scoilnet account will allow you to upload your resources or weblinks to Scoilnet as well as enabling you to share and add resources to a favourites listing. Users who have a Scoilnet Account will also be able to fully access Scoilnet Maps and Census@School from home.
You need to login before you can add this resource to a Learning Path
Login